Is mian leis an Aontas a chinntiú gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh ardáin ar líne agus seirbhísí ríomhthráchtála a úsáid is cuma cá bhfuil siad san Aontas.
Má d’úsáid tú inneall cuardaigh chun faisnéis a aimsiú, chun siopadóireacht a dhéanamh ar mhargadh ar líne, nó chun cumarsáid a dhéanamh trí na meáin shóisialta, d’úsáid tú ardán ar líne.
Is cuid lárnach den domhan ar líne iad ardáin ar líne. Díolann os cionn 1 mhilliún gnólacht san Aontas earraí nó seirbhísí digiteacha trí ardáin ar líne. Agus, mar shaoránaigh Eorpacha, bainimid úsáid astu ar bhonn laethúil.
Tá rialacha nua tugtha isteach ag an Aontas chun a chinntiú go gcothóidh na suíomhanna gréasáin sin timpeallacht ina mbeidh rath ar ghnólachtaí an Aontais agus ina gcaithfear go cothrom le húsáideoirí. Is mian linn a chinntiú gur féidir le gach duine ardáin ar líne a úsáid gan eagla roimh algartaim ionramhála nó earraí agus ábhar neamhdhleathach.
Is féidir cur chuige an Aontais a shainiú le 3 réimse gníomhaíochta:
- deireadh a chur le bacainní ar líne, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain iomlán ar earraí agus ar sheirbhísí ar fud an Aontais;
- deireadh a chur le bacainní trasteorann nach bhfuil údar leo;
- é a dhéanamh níos éasca agus níos sábháilte siopadóireacht a dhéanamh ar líne is cuma cá bhfuil tú san Aontas.
Chun an méid sin a bhaint amach, ghlac an tAontas an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA). Is é is aidhm do na gníomhartha sin a chinntiú gur féidir le saoránaigh na hEorpa a bheith muiníneach as a sábháilteacht ar líne agus go mbeidh rath ar ghnólachtaí sa saol digiteach. Tá sé ag cinntiú freisin go bhfanfaidh rialacha ríomhthráchtála cothrom le dáta sa Deacáid Dhigiteach.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
Léargas níos doimhne
-
Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Eorpach timpeallacht a chothú ina mbíonn rath ar ardáin ar líne...
-
Tá an Coimisiún ag dul i ngleic le bacainní ar r-thráchtáil agus ag tabhairt aghaidh ar na rioscaí a...
-
Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus don Ghníomh um Margaí Digiteacha spás...
-
Faigh amach conas is féidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha an domhan ar líne a dhéanamh...
-
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), cuirtear creat ar fáil le haghaidh comhar idir an...
-
Sonraítear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) raon gníomhaíochtaí chun trédhearcacht agus...
-
Leis an uirlis sceithire DSA (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), is féidir le fostaithe agus...