
Leis an gcéim sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún timpeallacht níos sábháilte ar líne a chruthú do leanaí trí thacú le hardáin ar líne atá inrochtana do mhionaoisigh chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a chinntiú do leanaí.
Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Theicneolaíoch, Slándáil agus Daonlathas:
“Is é sábháilteacht leanaí ar líne an phríomhthosaíocht atá againn. Cuideoidh na dréacht-treoirlínte atá á bhfoilsiú againn inniu faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha le timpeallacht ar líne níos fearr agus níos sábháilte a mhúnlú d’úsáideoirí óga. Cuideoidh an raon leathan beart leis na hardáin éagsúla ar líne sábháilteacht, slándáil, príobháideachas agus folláine mionaoiseach a chosaint.’
Cumhdaítear leis na dréacht-treoirlínte raon leathan beart amhail aois an úsáideora a fhíorú, feabhas a chur ar an gcaoi a moltar ábhar d’úsáideoirí chun an riosca go nochtfaí leanaí d’ábhar díobhálach a laghdú, cuntais leanaí a shocrú go príobháideach mar réamhshocrú, dea-chleachtais maidir le modhnóireacht ábhair atá sábháilte do leanaí, bealaí tuairiscithe atá oiriúnach do leanaí agus tacaíocht d’úsáideoirí, chomh maith le treoir maidir le rialachas inmheánach na n-ardán.
Chuathas i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ambasadóirí Óige Idirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK+), agus rannchuidigh siad le forbairt na ndréacht-treoirlínte. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach sna treoirlínte maidir le hardáin ar líne de gach méid, seachas micrifhiontair agus fiontair bheaga, atá inrochtana do mhionaoisigh, lena n-áirítear ardáin an-mhór ar líne a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir míosúil acu san Aontas.
Tá na dréacht-treoirlínte ar oscailt anois le haghaidh aiseolas ón bpobal go dtí an 10 Meitheamh 2025. Tá aighneachtaí á lorg ag an gCoimisiún ó na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear leanaí, tuismitheoirí agus caomhnóirí, údaráis náisiúnta, soláthraithe ardán ar líne, agus saineolaithe.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na treoirlínte a ghlacadh roimh shamhradh 2025, rud atá ina chloch mhíle shuntasach in iarrachtaí an Aontais timpeallacht dhigiteach níos sábháilte a chruthú do leanaí.
Faigh tuilleadh eolais sna dréacht-treoirlínte.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) a sheiceáil freisin.