Ghlac an Coimisiún Eorpach moladh maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne.
Moladh maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne
Tá imní ar an gCoimisiún nach bhfuil baint anuas ábhair neamhdhleathaigh ar líne éifeachtach go leor.
Tá cur chuige láidir comhordaithe ar fud an Aontais de dhíth ar shaincheisteanna amhail gríosú chun sceimhlitheoireachta, fuathchaint neamhdhleathach, ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, sáruithe ar chearta Maoine Intleachtúla agus cosaint tomhaltóirí.
D’eisigh an Coimisiún Moladh maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne. Leis an Moladh seo, aistrítear gealltanas polaitiúil Teachtaireachta roimhe seo maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne go foirm dhlíthiúil neamhcheangailteach.
Ní mór d’ardáin ar líne a bheith níos freagraí i rialachas ábhair. Moltar sa mholadh cur chuige coiteann chun ábhar ar líne a bhrath, a bhaint agus a chosc go tapa agus go réamhghníomhach.
- Nósanna imeachta ‘fógra agus gníomhaíochta’ níos soiléire: Ba cheart d’ardáinar líne rialacha éasca agus trédhearcacha a leagan amach maidir le fógra a thabhairt faoi ábhar neamhdhleathach, lena n-áirítear nósanna imeachta meara do ‘chomharthóirí iontaofa’. Ba cheart soláthraithe ábhair a chur ar an eolas faoi chinntí den sórt sin agus ba cheart an deis a bheith acu agóid a dhéanamh ina gcoinne ionas nach mbainfear ábhar dleathach anuas gan choinne.
- Uirlisíníos éifeachtúla agus teicneolaíochtaí réamhghníomhacha: Ba cheart dochuideachtaí córais fógartha shoiléire a leagan amach d’úsáideoirí. Ba cheart uirlisí réamhghníomhacha a bheith acu chun ábhar neamhdhleathach a bhrath agus a bhaint anuas, go háirithe le haghaidh ábhar sceimhlitheoireachta agus chun ábhar nach gá comhthéacsú a mheas mar ábhar neamhdhleathach, amhail ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí nó earraí góchumtha.
- Coimircí níosláidre chun cearta bunúsacha a áirithiú: Ba cheart dochuideachtaí coimircí éifeachtacha agus iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil cinntí maidir le hábhar a bhaint cruinn agus go bhfuil bunús maith leo. Tá sé seo tábhachtach go háirithe nuair a úsáidtear uirlisí uathoibrithe. Ba cheart maoirseacht agus fíorú daonna a áireamh ar na coimircí sin. Ba cheart iad a cheapadh agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do rialacha cosanta sonraí.
- Aird ar leith a thabhairt ar ghnólachtaí beaga: Ba cheart dontionscal, trí shocruithe deonacha, comhoibriú agus taithí, dea-chleachtais agus réitigh theicneolaíocha a roinnt, lena n-áirítear uirlisí lenar féidir brath uathoibríoch a dhéanamh. Ba cheart go rachadh an fhreagracht chomhroinnte sin chun tairbhe go háirithe d’ardáin bheaga a bhfuil acmhainní agus saineolas níos teoranta acu.
- Comhar níos dlúithe leis na húdaráis: Ba cheart do chuideachtaí na húdaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas go pras má tá fianaise ann go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach ann nó amhras go bhfuil ábhar neamhdhleathach ina bhagairt do bheatha nó do shábháilteacht. Moltar do na Ballstáit na hoibleagáidí dlíthiúla iomchuí a bhunú.
Measann an Coimisiún gur féidir le hidirghabhálaithe ar líne bearta réamhghníomhacha a chur i bhfeidhm gan an díolúine ó dhliteanas faoin Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a chailleadh.
Cúlra
Reáchtáil seirbhísí an Choimisiúin roinnt ceardlann agus idirphlé leis an tionscal agus sheol siad staidéar leanúnach ar an ábhar. Leis an bplé sin, cuireadh ionchur ar fáil don Mholadh. Bhuail roinnt Coimisinéirí le hardáin ar líne in 2018 chun a chinntiú go bhfuil siad tiomanta do dhul i ngleic le hábhar neamhdhleathach.
Tá an cur chuige ailínithe agus comhsheasmhach go hiomlán leis an Treoir maidir le Cóipcheart, lena n-áirítear gnéithe de dhliteanas ardán ar líne a ndéantar díospóireacht fhorleathan orthu. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach freisin leis an athbhreithniú ar Threoir na Meán Closamhairc.
Mhol an Coimisiún measúnú tionchair tosaigh le haghaidh bearta chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht an chomhraic i gcoinne ábhar neamhdhleathach ar líne. Bhí comhairliúchán poiblí oscailte mar bhonn eolais don mheasúnú tionchair, inar scrúdaíodh roghanna le haghaidh bearta breise chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne.
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Tá Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) molta ag an gCoimisiún, lena n-áirítear bearta chun dul i ngleic le hearraí, seirbhísí agus ábhar neamhdhleathach ar líne.
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tabharfar de chumhacht d’úsáideoirí ábhar neamhdhleathach ar líne a thuairisciú. Cruthóidh sé cainéal pribhléideach do chomharthóirí iontaofa chun ábhar neamhdhleathach a thuairisciú ar bhonn tosaíochta. Is iad na comharthóirí iontaofa iad siúd a bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith léirithe acu.
Nuair a chumasófar é le dlíthe náisiúnta, beidh údaráis na mBallstát in ann ordú a thabhairt d’aon ardán atá ag feidhmiú san Aontas, gan beann ar an áit a bhfuil siad bunaithe, ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas.
Ar deireadh, beidh ar ardáin an-mhór ar líne bearta maolaitheacha a dhéanamh chun a n-úsáideoirí a chosaint ar ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór