Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 06 Meitheamh 2025

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le stiúradh thoghcháin Eorpacha 2024

Tá toghcháin i gcroílár an daonlathais agus tá na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i measc na gcleachtaí daonlathacha is mó ar domhan. Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir le stiúradh thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa.

A person's hand inserting a white envelope into a ballot box.

GettyImages © bizoo_n

Tugtar faoi deara sa tuarascáil go raibh 50.74% de vótálaithe ag vótáil, rud a léiríonn beocht leanúnach ár ndaonlathais san Aontas. Leagtar amach ann bearta spriocdhírithe arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais chun daoine óga a rannpháirtiú, borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban, rochtain a éascú do dhaoine faoi mhíchumas, agus tacú le saoránaigh shoghluaiste den Aontas (saoránaigh den Aontas a bhog go Ballstát eile chun dul ag obair, chun cónaí nó chun staidéar a dhéanamh). Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar na bearta a rinne gach institiúid den Aontas agus na Ballstáit, chomh maith leis an gcomhar gan fasach eatarthu chun cur i gcoinne bagairtí ar an bpróiseas toghcháin, amhail trasnaíocht eachtrach, bréagaisnéis, cibearshlándáil agus saincheisteanna eile a dhéanann difear do shláine na dtoghchán, roimh na toghcháin agus lena linn. Chuidigh sé sin go léir lena chinntiú go rithfeadh na toghcháin go réidh agus gan aon mhórtheagmhas ná mórshuaitheadh.

Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas:

‘Is bunchloch den daonlathas iad toghcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá dul chun cinn ríthábhachtach déanta againn chun a chinntiú go mbeidh na próisis toghcháin sin athléimneach agus cothrom. Léirigh toghcháin 2024 leibhéal eisceachtúil comhair ón Aontas, rud a threisigh ár dtiomantas an tsláine dhaonlathach a chosaint.’

Léigh an phreaseisiúint iomlán.